Aonaid Foghlama Shamplacha

Dearadh na haonaid foghlama seo chun cabhrú leat pleanáil agus forbairt a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Ghearrchúrsa Cibearshládála na Sraithe Sóisearaí i do sheomra ranga. Cé go leagtar amach i gceachtanna iad ní gá iad a leanúint ar an mbealach sin. Samhlaítear go bhfeidhmeoidh na gníomhaíochtaí laistigh de gach aonad mar roghchlár ionas go mbeidh tú in ann ceann a phiocadh, meascadh agus meaitseáil, oiriúnú agus scagadh, chun freastal ar riachtanais agus ar spéiseanna do scoláirí féin.

Cás-staidéir ar chibeartheagmhais/cibearchoireanna

San aonad foghlama seo, tugtar isteach na scoláirí sa chibearshlándáil trí fháil amach faoin tuiscint reatha atá acu ar an gcibearshlándáil agus ansin tógtar ar an eolas sin chun taighde agus cás-staidéar a dhéanamh ar chibeartheagmhas dá rogha féin.

Innealtóireacht shóisialta – caimiléirí an lae inniu

Taispeántar físeán sa chéad chuid den aonad foghlama seo de thuairisceoir ardteicneolaíochta CNN Donie O’Sullivan á haiceáil ag an innealtóir sóisialta agus saineolaí cibearshlándála Rachel Tobac. Fiosróidh na scoláirí conas a úsáideann haiceálaithe na gníomhartha a dhéanann muid ar líne agus fiosróidh siad an tsíceolaíocht taobh thiar den innealtóireacht shóisialta.

Tá tóir na hola ar na sonraí – an bhféadfadh do shaol ar líne cabhrú le táirge nua a dhearadh?

Cad é atá i gceist le fianáin? Cén fáth a n-iarrtar cead orm nuair a chliceálaim ar shuíomh gréasáin? Cén fáth a mbíonn na fógraí ar mheáin shóisialta mo Mhamaí difriúil ó mo chuid féin? An bhfuil mo iPhone ag spiaireacht orm?
Níl ansin ach cuid de na ceisteanna…

Is tusa an táirge

Cén fáth a bhfuil na meáin shóisialta saor in aisce? Conas a dhéanann cuideachtaí meáin shóisialta airgead? An gcliceálann tú “aontaím” láithreach ar na téarmaí agus coinníollacha ar d’aipeanna meáin shóisialta nó an léann tú ar dtús iad? Cad é atá i gceist le caipiteal faireachais? San aonad foghlama seo, oibreoidh na scoláirí ar shraith tascanna agus ag an deireadh déanfaidh siad cinneadh maidir leis an úsáid fhreagrach, ról an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), agus cinnfidh siad na sonraí is mian leo a choinneáil príobháideach agus conas é sin a dhéanamh.

Hataí Dubha agus Hataí Bána – gairmeacha sa chibearshlándáil

San aonad foghlama seo gheobhaidh scoláirí amach faoin maitheas agus faoin dochar i saol na cibearshlándála. Scrúdóidh na scoláirí bunphrionsabail na slándála sonraí agus aincheisteanna eiticiúla agus morálta a bhaineann le haiceáil.

An chibearshlándáil i staidéar scannán

Cad é costas eacnamaíoch na cibearchoireachta?

Mná sa chibearshlándáil

Dearadh gach aonad foghlama leis na gnéithe seo a leanas:
An múinteoir mar éascaitheoir
An scoláire ag baint ciall as
Spreagthaí le plé
Ceisteanna oscailte
Obair thionscadail
Foghlaim chomhoibríoch
Cruthaitheacht
Measúnú solúbtha
Machnamh ar an bhfoghlaim
Naisc thraschuraclaim

© Gach ceart ar cosaint 2024.