Cyberwise

Oideachas Cibearsheasmhachta i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna

Fáilte go dtí cyberwise.ie. Is anseo a gheobhaidh tú eolas agus acmhainní ar Ghearrchúrsa Cibearshlándála na Sraithe Sóisearaí.

Aonaid Foghlama Shamplacha

Brabhsáil réimse smaointe le haghaidh ceachtanna, acmhainní agus measúnuithe samplacha idirghníomhacha.

Sonraíocht/Doiciméid Thábhachtacha

Foghlaim tuilleadh faoin tsonraíocht don Ghearrchúrsa Cibearshlándála.

Scoileanna ag Obair i gComhar le Chéile

Déan iniúchadh ar na scoileanna a bhfuil baint acu le Gearrchúrsa Cibearshlándála na Sraithe Sóisearaí.
Ag teacht go luath.

Eolas maidir leis an gcúrsa

Is í an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide (RCAC) an Phríomhroinn Rialtais um Chibearshlándáil sa Stát. Déanann an Roinn maoirseacht ar chur i bhfeidhm Straitéis Náisiúnta Cibearshlándála 2019-2024. Baineann príomhthéama na Straitéise le cumas a fhorbairt sa Stát, in institiúidí taighde, i ngnólachtaí, san earnáil phoiblí agus i ndaoine chun tuiscint níos fearr a fháil ar na dúshláin atá os ár gcomhair agus iad a bhainistiú ar bhealach níos fearr. Áirítear le beart 12 agus beart 13 na Straitéise gníomhaíochtaí maidir le hoideachas cibearshlándála a fhorbairt agus rannpháirtíocht na mban sa chibearshlándáil a chur chun cinn.

Is é RCAC a mhaoiníonn an Straitéis agus tá foireann oidí agus taighdeoirí ó Scoil an Oideachais agus Scoil na Ríomheolaíochta sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ag obair i gcomhar le grúpa stiúrtha ar a bhfuil baill den Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála (LNC), Cumann Ríomhairí in Oideachas na hÉireann (CROÉ), an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) agus Cyber Ireland chun gearrchúrsa cibearshlándála na Sraithe Sóisearaí a dhearadh agus a chur i bhfeidhm. Is é an chéad chéim den tionscadal seo gnéithe den dréachtsonraíocht a thástáil agus sampla a bhfuil aidhm leis a úsáid d’iar-bhunscoileanna in Éirinn.

Heanet

Múinteoirí

Brabhsáil réimse smaointe le haghaidh ceachtanna, acmhainní agus measúnuithe samplacha idirghníomhacha.

Cad é atá i gceist le hinnealtóireacht shóisialta?

Cheap tuairisceoir teicneolaíochta CNN Donie O’Sullivan go raibh sé sábháilte ar na meáin shóisialta. Féach an t-innealtóir sóisialta & Príomhoifigeach Feidhmiúcháin SocialProof Security Rachel Tobac á bhréagnú sin.

Conas a bhailíonn agus a úsáideann cuideachtaí sonraí fút go dlíthiúil gan do thoiliú?

Sa cheacht seo, labhraíonn Ann O’Brien faoi roinnt ceisteanna tábhachtacha i dtaca lenár sonraí pearsanta.

Sonraí a Choinneáil Sábháilte

Sa tsraith sé cheacht seo, foghlaimeoidh na scoláirí faoin tábhacht a bhaineann lena gcuid sonraí a choinneáil príobháideach. “”Má tá an táirge saor in aisce is tusa an táirge”.

Amlíne

Eanáir 2021

An mórphictiúr

Forléargas ar an mórphictiúr & tuilleadh eolais ar dhá shnáithe le haghaidh athbhreithniú grúpa oibre

Eanáir 2021

Eanáir 2021

Cur chun feidhme treorach

Amchlár na scoileanna le haghaidh cur i bhfeidhm treorach ó Mheán Fómhair 2021

Eanáir 2021

Meitheamh 2021

Athbhreithniú grúpa oibre

Snáitheanna iomlána réidh le haghaidh athbhreithniú grúpa oibre

Meitheamh 2021

Meán Fómhair 2021

Treoirchláir scoile

Treoirchúrsa iomlán i scoileanna roghnaithe agus athbhreithniú leanúnach

Meán Fómhair 2021

Bealtaine – Meitheamh 2022

Athbhreithniú

Athbhreithniú agus tuairisciú

Bealtaine – Meitheamh 2022

Meán Fómhair 2022

Seoladh an Chúrsa

Seoladh Ghearrchúrsa na Sraithe Sóisearaí

Meán Fómhair 2022

© Gach ceart ar cosaint 2024.