Cúlra

Is é RCAC an Phríomh-Roinn Rialtais um Chibearshlándáil sa Stát. Déanann an Roinn maoirseacht ar chur i bhfeidhm Straitéis Náisiúnta Cibearshlándála 2019-2024. Díríonn príomhthéama na Straitéise ar chumas a fhorbairt sa Stát, in institiúidí taighde, i ngnólachtaí, san earnáil phoiblí agus i ndaoine chun tuiscint níos fearr a fháil ar na dúshláin atá os ár gcomhair agus iad a bhainistiú ar bhealach níos fearr. Áirítear le beart 12 na Straitéise gníomhaíochtaí maidir le hoideachas cibearshlándála a fhorbairt san oideachas dara leibhéal mar a leagtar amach i dtábla 1 thíos.

San earrach agus ag tús an tsamhraidh, 2020, bhí plé ar siúl le CNCM maidir leis an mbealach chun an cuspóir seo de Ghearrchúrsa forbartha na Cibearshlándála a bhaint amach. Doiciméad scóipe comhaontaithe a bhí mar thoradh air sin inar aithníodh go dtabharfaí tús áite do chur chuige faoi stiúir páirtithe leasmhara oideachais.

Agus grúpa oibre comhairliúcháin páirtithe leasmhara á bhunú i mí Iúil 2020, dúradh gurb é bunchuspóir an Ghearrchúrsa foráil a dhéanamh d’oideachas cibearshlándála atá bunaithe go forleathan le cur chuige ildisciplíneach a chuimseodh gnéithe den tsíceolaíocht, dlí, eitic, cumarsáid agus bainistiú géarchéime chomh maith leis an ríomheolaíocht. I gcomhthéacs dhigitiú na sochaí, ní mór do gach scoláire, beag beann ar inscne agus ní hamháin iad siúd a bhfuil inniúlachtaí san Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic acu, a bheith eolach ar sheasmhacht agus ar shlándáil ar líne. Ba cheart go mbeadh tionchar ag an gcúrsa freisin ar ábhar curaclaim Eolaíocht Ríomhaireachta na Sraithe Sinsearaí agus d’fhéadfadh sé go nglacfaí níos mó leis an ábhar curaclaim. Ní mór don chúrsa a bheith tarraingteach do scoileanna agus éagsúil le gearrchúrsaí eile.

Grúpa Oibre

Chabhraigh GCAC le grúpa oibre comhairliúcháin a bhunú ina raibh foireann idirdhisciplíneach faoi chathaoirleacht an Ollaimh Joe Carthy ó Scoil na Ríomheolaíochta, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (COBÁC). Chuir baill ón LNC, Cyber Ireland, CNCM, agus an Coiste um Buneolaíocht Idirnáisiúnta léargais theicniúla, tionscail, oideachais agus forbairt curaclaim ar fáil faoi seach. Tugadh cuireadh don Roinn Oideachais freisin a bheith páirteach sa ghrúpa oibre i gcáil breathnóra. Tá liosta thíos den ghrúpa oibre iomlán agus tá beathaisnéisí iomlána san aguisín.

Cuireadh na cúraimí seo ar an ngrúpa oibre:

1. Sonraíocht an ghearrchúrsa a fhorbairt ag baint úsáid as an teimpléad a chuir CNCM ar fáil agus de réir na cáipéise scóipe. Ba chóir go mbeadh sonraíocht an chúrsa solúbtha agus inoiriúnaithe ionas go mbeidh réimse leathan scoileanna, múinteoirí agus scoláirí in ann tabhairt faoin gcúrsa;

2. Riachtanais na n-acmhainní do scoileanna atá ag tabhairt faoin gcúrsa seo a shainaithint, lena n-áirítear tacaíochtaí oiliúna agus réitigh phraiticiúla a chur ar fáil maidir le conas a d’fhéadfaí na riachtanais sin a chomhlíonadh le haghaidh cur i bhfeidhm treorach i líon beag, ach éagsúil meánscoileanna;

3. Maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme treorach an ghearrchúrsa, faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí agus tacaíocht ardleibhéil a chur ar fáil i gcás inar gá agus inarb iomchuí;

4. Measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm treorach an ghearrchúrsa i scoileanna agus foráil a dhéanamh d’aiseolas le ceachtanna a foghlaimíodh maidir le hábhar agus seachadadh an chúrsa, agus;

5. Athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an ghearrchúrsa faoi lár 2022 agus moltaí a dhéanamh maidir le tuilleadh forbartha ar chúrsa cibearshlándála is féidir a chur ar fáil do scoileanna na Sraithe Sóisearaí.

Aontaíodh go mbeadh foireann tionscadail ag teastáil chun tionscadal forbartha an Ghearrchúrsa a chur i bhfeidhm faoi threoir an ghrúpa oibre chomhairligh. Chuaigh an grúpa oibre i dteagmháil le Scoil an Oideachais, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (COBÁC) i bhFómhar 2020 chun tacú le dearadh agus le cur i bhfeidhm an ghearrchúrsa.

AN FHOIREANN DEARTHA AGUS FORFHEIDHMITHE

D’éirigh go maith le Scoil an Oideachais COBÁC i gComhpháirtíochtaí Oideolaíocha Daonlathacha (Farrell, 2021) go dtí seo agus tá sí ar thús cadhnaíochta san fhoghlaim fheabhsaithe teicneolaíochta in Oideachas Tosaigh Múinteoirí. Tá cur síos thíos ar fhoireann ildisciplíneach deartha agus forfheidhmithe COBÁC agus tá beathaisnéisí iomlána san aguisín.