Oideachas na Cibirsheasmhachta i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna

Fáilte go dtí cyberwise.ie. Is anseo a gheobhaidh tú eolas agus acmhainní ar Ghearrchúrsa Cibearshlándála na Sraithe Sóisearaí.

Aonaid Foghlama Shamplacha

Brabhsáil réimse smaointe le haghaidh ceachtanna, acmhainní agus measúnuithe samplacha idirghníomhacha.

Sonraíocht/Doiciméid Thábhachtacha

Foghlaim tuilleadh faoin tsonraíocht do Ghearrchúrsa na Cibearshlándála.

Scoileanna ag Obair i gComhar le Chéile

Faigh amach cad iad na scoileanna atá páirteach i nGearrchúrsa Cibearshlándála na Sraithe Sóisearaí.
Ag teacht go luath

Eolas maidir leis an gcúrsa

Is í an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide (RCAC) an Phríomhroinn Rialtais um Chibearshlándáil sa Stát. Déanann an Roinn maoirseacht ar chur i bhfeidhm Straitéis Náisiúnta Cibearshlándála 2019-2024. Baineann príomhthéama na Straitéise le cumas a fhorbairt sa Stát, in institiúidí taighde, i ngnólachtaí, san earnáil phoiblí agus i ndaoine chun tuiscint níos fearr a fháil ar na dúshláin atá os ár gcomhair agus iad a bhainistiú ar bhealach níos fearr. Áirítear le beart 12 agus beart 13 na Straitéise gníomhaíochtaí maidir le hoideachas na cibearshlándála a fhorbairt agus rannpháirtíocht na mban sa chibearshlándáil a chur chun cinn.

Is é RCAC a mhaoiníonn an Straitéis agus tá foireann oidí agus taighdeoirí ó Scoil an Oideachais agus ó Scoil na Ríomheolaíochta sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ag obair i gcomhar le grúpa stiúrtha ar a bhfuil baill de Lárionad Náisiúnta na Cibearshlándála (LNC), Cumann Ríomhairí in Oideachas na hÉireann (CROÉ), an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) agus Cyber Ireland chun gearrchúrsa cibearshlándála na Sraithe Sóisearaí a dhearadh agus a chur i bhfeidhm. Is é an chéad chéim den tionscadal seo gnéithe den dréachtsonraíocht a thástáil agus sampla a bhfuil aidhm leis a úsáid le haghaidh iar-bhunscoileanna in Éirinn.

Múinteoirí

Brabhsáil réimse smaointe le haghaidh ceachtanna, acmhainní agus measúnuithe samplacha idirghníomhacha.

Cad é atá i gceist le hinnealtóireacht shóisialta?

Cheap tuairisceoir teicneolaíochta CNN Donie O’Sullivan go raibh sé sábháilte ar na meáin shóisialta. Féach an t-innealtóir sóisialta & Príomhoifigeach Feidhmiúcháin SocialProof Security Rachel Tobac á bhréagnú sin.

Conas a bhailíonn agus a úsáideann cuideachtaí sonraí fút go dlíthiúil gan do thoiliú?

Sa cheacht seo, labhraíonn Ann O’Brien faoi roinnt ceisteanna tábhachtacha i dtaca lenár sonraí pearsanta.

Sonraí a Choinneáil Sábháilte

Sa tsraith sé cheacht seo, foghlaimeoidh na scoláirí faoin tábhacht a bhaineann lena gcuid sonraí a choinneáil príobháideach. “”Má tá an táirge saor in aisce is tusa an táirge”.