Tionscadail Ghaolmhara

Is cuid de ghluaiseacht níos mó é Deireadh a chur le Claonadh Inscne san Eolaíocht Ríomhaireachta agus sa Chibearshlándáil chun mná óga a chumhachtú trí thaithí phraiticiúil tharraingteach sa teicneolaíocht. Trí shineirgí a chruthú le tionscadail ghaolmhara amhail First Lego League, Zero Days Capture the Flag, agus Laethanta Foghlama Dúshlánbhunaithe, méadaímid tionchar agus cuirimid le deiseanna cailíní códú, róbataic, cibearshlándáil, agus réiteach fadhbanna a iniúchadh ar bhealaí spraíúla agus dinimiciúla. Tá na tionscadail seo fite fuaite le prionsabail na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGnna) agus an Oideachais Saoránachta Domhanda (GCE), agus spreagtar rannpháirtithe chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shochaíocha agus ar shaincheisteanna fíorshaoil leis an teicneolaíocht. Trí smaointeoireacht chriticiúil agus freagracht shóisialta a chothú, cuirimid timpeallacht thacúil agus chuimsitheach ar fáil ina bhforbraíonn cailíní an mhuinín agus na scileanna a theastaíonn uathu chun dul i ngleic le fadhbanna práinneacha domhanda agus ina n-éireoidh go geol leo mar cheannairí comhfhiosacha sóisialta teicneolaíochta na todhchaí. Táimid ag tiomáint iarracht chomhchoiteann an chéad ghlúin eile de cheannairí ban in ETIM a spreagadh agus a ullmhú.

Ócáid chuimsitheach oideachais ba ea Lá Foghlama Comhroinnte Cibirchéillí inar díríodh ar an gcibearshlándáil agus ar an Oideachas Saoránachta Domhanda (GCE). Reáchtáladh é i mí Aibreáin 2024 agus bhí gníomhaíochtaí tarraingteacha éagsúla ar siúl ar an lá, lena n-áirítear dúshlán Zero Days Capture the Flag, áit a ndeachaigh rannpháirtithe i ngleic le saincheisteanna GCE cibeardhomhanda agus fíordhomhanda.

Is comórtas domhanda é FIRST LEGO League ina bhfuil trí rannán le haghaidh aoisghrúpaí éagsúla: Féach, Foghlaim, agus Tabhair faoi. In Éirinn, tá an rannán ‘Tabhair faoi’ oscailte do pháistí i Rang 6 go dtí an Idirbhliain.

Thug an Lá Foghlama Dúshlánbhunaithe, a reáchtáladh i mí Dheireadh Fómhair 2023, deis do scoláirí smaoineamh ar shaincheist chriticiúil shochaíoch na cibearshlándála agus an nasc atá aici leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Ba é aidhm an imeachta sin scoláirí a fhorbairt; cur leis an tuiscint atá acu ar thionchar na cibearshlándála maidir le gnéithe éagsúla den saol agus an ról ríthábhachtach atá aici maidir le forbairt inbhuanaithe a bhaint amach.

Tá an Intleacht Shaorga (IS) ar cheann de na nuálaíochtaí is mó claochlú dár linne. Cé go bhfuil buntáistí móra le IS do dhaoine aonair agus don tsochaí, tá impleachtaí móra aige i dtaca leis an
bpríobháideachas, leis an eitic agus leis an tslándáil.

Cuireann an tIonad ADAPT clár ceardlainne modúlach saor in aisce ar fáil chun cabhrú le scoláirí idirbhliana tabhairt faoin intleacht shaorga go rathúil agus go sábháilte.