Spreagthaí Fiosrúcháin P4C agus Ceisteanna Samplacha

Agus muid ag tabhairt isteach seisiún Fealsúnachta do Leanaí (P4C) maidir le “Deireadh a chur le Claonadh Inscne” spreagfar scoláirí iniúchadh a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag steiréitíopaí inscne ar ár dtuairimí agus ar ár ngníomhartha. D’fhéadfadh físeáin, scéalta, nó cásanna fíorshaoil ina bhfuil claontachtaí inscne le feiceáil a úsáid chun fealsúnacht a spreagadh i measc scoláirí. Is é an sprioc fiosrúchán tuisceanach a spreagadh faoi steiréitíopaí agus coincheapa gaolmhara amhail cothroime, comhionannas, saoirse. Trí smaoineamh ar an gcúis a samhlaítear poist, bréagáin nó iompraíochtaí áirithe le buachaillí nó le cailíní, tosóidh scoláirí ar na claontachtaí sin a thuiscint agus deireadh a chur leo ina saol féin.

I dtaca le múinteoirí agus le scoláirí a bhfuil cur amach acu ar P4C, is uirlis úsáideach é bileog spreagtha taifid chun cabhrú le scoláirí a gcuid ceisteanna fealsúnachta féin a chruthú. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé a bheith dúshlánach a iarraidh ar scoláirí nach bhfuil cur amach acu ar P4C a gcuid ceisteanna féin a chur le chéile bunaithe ar spreagadh. B’fhéidir go mbeadh deacrachtaí ag an scoláire na príomhchoincheapa nó na príomhcheisteanna is fiú a iniúchadh tuilleadh a aithint, go háirithe mura bhfuil cur amach acu ar smaointeoireacht chruthaitheach, chriticiúil ná chomhoibríoch. Baineann scileanna smaointeoireachta ardoird, amhail anailís, sintéis agus meastóireacht le smaoineamh ar cheisteanna fiúntacha, agus is féidir leis sin a bheith róchasta do scoláirí atá cleachta le ceisteanna réamhshainithe a fhreagairt seachas a gcuid féin a chruthú.

Trí cheist fhealsúnach shamplach a chur i láthair na scoláirí, léireoidh an múinteoir an cineál fiosrúcháin oscailte, mhachnamhach a bhfuil luach air in P4C. Is féidir leis an múinteoir soiléiriú a thabhairt ar a bhfuil i gceist le ceist fhealsúnach, agus gníomhaíochtaí agus ceisteanna a phleanáil roimh ré a threoróidh na scoláirí chun smaoineamh go domhain ar an gceist. Tugann sampla pointe tosaigh dóibh freisin, agus beidh an próiseas níos inrochtana agus níos soiléire, agus spreagfaidh sé iad a gcuid ceisteanna féin a chruthú amach anseo.

Bréagáin do chailíní vs bréagáin do buachaillí: An turgnamh - Scéalta BBC

Arna fhoilsiú 16 Lúnasa 2017

An Turgnamh: An bhfuil tú cinnte nach ndéanann tú stéiréitíopáil inscne ar leanaí leis na bréagáin a roghnaíonn tú dóibh?

Ceisteanna samplacha chun fiosrúchán a spreagadh:

  1. Cén fáth, dar leat, a bhfuil lipéad do bhuachaillí agus lipéad do chailíní ar roinnt bréagán?
  2. An gceapann tú go bhfuil sé cothrom go bhfaigheann buachaillí agus cailíní bréagáin éagsúla go minic? Cén fáth a bhfuil nó cén fáth nach bhfuil?
  3. An gceapann tú gur chóir do bhréagáin a bheith do gach duine, is cuma más buachaill nó cailín iad? Cén fáth ar chóir nó cén fáth nár chóir?
  4. Céard a tharlódh, dar leat, dá smaoineofaí ar na bréagáin ar fad go díreach mar ‘bhréagáin’; in ionad ‘bréagáin do bhuachaillí’; agus ‘bréagáin do chailíní’?

Spreag ábhar margaíochta LEGO ó na 1960í-1980í buachaillí agus cailíní tógáil le chéile

Josh Jones, 17 Meán Fómhair, 2018

Arna fhoilsiú ar Flashbak.com

Tá go leor fógraí eile cruthaithe ó shin ach i bhfógra LEGO 1981, léirítear cailín óg sona sásta ag coinneáil a deantán LEGO thuas go hard thar a ceann agus an ceannteideal “What it is, is beautiful.” “In 1981,” a mhíníonn Giordano, “Tugadh ‘Universal Building Sets’ ar LEGO agus is é sin go díreach a bhí i gceist leis… do bhuachaillí agus do chailíní. Tá bréagáin ceaptha cruthaitheacht a chothú. Ach sa lá atá inniu ann, is cosúil go bhfuil teachtaireachtaí ag a lán bréagán cheana féin sula n-osclaíonn leanbh an pacáiste bándearg nó gorm fiú. In 1981, bhí LEGO simplí agus neodrach ó thaobh inscne de, agus chuir cruthaitheacht an linbh an teachtaireacht in iúl. In 2014, is é a mhalairt atá fíor: tugann an bréagán teachtaireacht don pháiste, agus aisteach go leor, is teachtaireacht a bhaineann le hinscne í an teachtaireacht sin.” Rachel Giordano.

Ceisteanna samplacha chun fiosrúchán a spreagadh:

  1. An gceapann tú go bhfuil sé níos fearr má ligean bréagán duit do chuid smaointe féin a chruthú nó má thugtar smaointe duit? Cén fáth?
  2. Cén fáth, dar leat, a bhfuil lipéad do bhuachaillí agus lipéad do chailíní ar roinnt bréagán?
  3. An gceapann tú go bhfuil sé cothrom go bhfaigheann buachaillí agus cailíní bréagáin éagsúla go minic? Cén fáth a bhfuil nó cén fáth nach bhfuil?
  4. Cad é a chiallaíonn bréagán “neodrach ó thaobh inscne de” dar leat?

'Science, It's a Girl Thing'

Arna fhoilsiú 27 Iúil 2012

D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach an físeán seo d’fheachtas a bhfuil sé mar aidhm aige níos mó ban a mhealladh i dtreo gairm san eolaíocht. Dúirt an coimisiún go raibh ar an bhfíseán “a dteanga a labhairt chun a gcuid airde a fháil”; agus go mbeadh air a bheith “spraíúil, somheabhraithe”; agus dul i gcion ar dhaoine óga.” “Mholfainn do gach duine féachaint ar an bhfeachtas níos leithne agus ar an iliomad físeán atá ar líne cheana féin de thaighdeoirí baineanna agus iad ag caint faoina bpost agus faoina saol”; arsa úinéir an chainéil YouTube a bhfuarthas an tagairt sin uaidh.

Ceisteanna samplacha chun fiosrúchán a spreagadh:

  1. An bhfuil sé tábhachtach go mbeadh na deiseanna céanna ag buachaillí agus ag cailíní i ngairmeacha beatha? Cén fáth a bhfuil nó cén fáth nach bhfuil?
  2. Cén fáth a bhfuiltear ag spreagadh cailíní chun gairm bheatha a bhaint amach san eolaíocht?
  3. An dóigh leat go mbeadh níos mó suime ag cailíní i ngairm san eolaíocht má fhéachann siad ar fhíseán an fheachtais ‘Science, It’s a Girl Thing’? Cén fáth a mbeadh nó cén fáth nach mbeadh?
  4. Cad é an bealach is fearr lena fháil amach cad é mar atá sé a bheith i do bhean a bhfuil gairm aici san eolaíocht?

An 'paradacsa comhionannais inscne' i réimsí ETIM – BBC Newsnight

Arna fhoilsiú 15 Feabhra 2018

Fiosraíonn David Grossman an ‘paradacsa comhionannais inscne’ a luadh i staidéar nua a thugann le fios go bhfuil níos lú ban ag tabhairt faoi ghairmeacha i réimsí na heolaíochta, na teicneolaíochta, na hinnealtóireachta agus na matamaitice i dtíortha atá comhionann ó thaobh na hinscne de.

Ceisteanna samplacha chun fiosrúchán a spreagadh:

  1. An dóigh leat go bhfuil an oiread céanna spéise ag buachaillí agus ag cailíní i ngach ábhar? Cén fáth a bhfuil nó cén fáth nach bhfuil?

    2. Ar cheart dúinn níos mó daoine a spreagadh chun tabhairt faoi ghairmeacha a bhfuil suim acu iontu, beag beann ar inscne?

    3. Conas a d’fhéadfadh níos mó ban i réimsí ETIM a bheith tairbheach don tsochaí ina hiomláine? An bhfuil aon mhíbhuntáiste leis?

    4. Cá thábhachtaí atá eiseamláirí, dar leat, chun daoine óga a spreagadh tabhairt faoi ghairmeacha?

D’fhreastail fir a mhaígh go bhfuil siad 'neamh-dhénártha' ar chomhdháil do mhná i ngairmeacha a bhaineann leis an teicneolaíocht - An Telegraph

Arna fhoilsiú 5 Deireadh Fómhair 2023

Dúirt lucht eagraithe na comhdhála do mhná i ngairmeacha a bhaineann leis an teicneolaíocht gur mhaígh a lán fear go raibh siad “neamh=dhénártha’ ar an iarratas ionas go mbeadh siad in ann freastal ar an gcomhdháil in Orlando. Tuairiscíodh go ndeachaigh fir chuig ócáid Cheiliúrtha Grace Hopper gan chuireadh, ceann de na haontaí poist is mó do mhná agus do dhaoine neamh-dhénártha i ngairmeacha a bhaineann leis an teicneolaíocht. Cuireadh ina leith gur chaill siad díospóireachtaí painéil inar labhair mná clúiteacha ionas go bhféadfaidís a gcuid ama a chaitheamh ag labhairt le hearcóirí chun postanna a ghlacadh sula mbeadh deis ag na mná. Dúirt Cullen White, Príomhoifigeach Tionchair agus eagraí na hócáide, AnitaB, go raibh sé “soiléir” go raibh i bhfad níos mó fear i láthair ná mar a bhíothas ag súil. “Go bunúsach, d’inis cuid agaibh bréag nuair a chláraigh sibh,” ar sé.

Ceisteanna samplacha chun fiosrúchán a spreagadh:

  1. An bhfuil sé cothrom comhdháil teicneolaíochta a bheith ann le haghaidh teicneolaithe ban agus neamh-dhénártha amháin? Cén fáth a bhfuil nó cén fáth nach bhfuil?
  2. Cén fáth a dteastaíonn cabhair ó mhná agus ó dhaoine neamh-dhénártha chun gairm bheatha a bhunú sa teicneolaíocht?
  3. Cad iad na buntáistí atá ag fir ar mhná agus ar dhaoine neamh-dhénártha i dtionscal na teicneolaíochta?
  4. Ar cheart dúinn níos mó daoine a spreagadh chun tabhairt faoi ghairmeacha a bhfuil suim acu iontu, beag beann ar inscne?

Cá ndeachaigh na mná go léir i ngairmeacha teicneolaíochta? | Smaointe an BBC

Arna fhoilsiú 24 Feabhra 2022

Sna 1950í agus sna 60í bhíodh mná chun tosaigh ar thionscal ríomhaireachta na Ríochta Aontaithe a deir staraí na teicneolaíochta Marie Hicks. Céard a tharla? (déanta i gcomhar le Nesta).

Ceisteanna samplacha chun fiosrúchán a spreagadh:

  1. Cén fáth, dar leat, a bhfuil laghdú ar líon na mban i ngairmeacha teicneolaíochta thar na blianta?
  2. Cén chaoi a mbíonn tionchar difriúil ag noirm chultúrtha agus shochaíocha ar roghanna gairme d’fhir agus do mhná?
  3. Cén ról atá ag an oideachas maidir le hionadaíocht inscne a mhúnlú i réimsí na teicneolaíochta?
  4. Conas a d’fhéadfadh níos mó ban i réimsí ETIM a bheith tairbheach don tsochaí ina hiomláine? An bhfuil aon mhíbhuntáiste ann?