Scéalta Digi

Tá sé de phléisiúr againn le dhá bhliain anuas saothar na scoláirí cumasacha a chruthaíonn scéalta digiteacha a léiriú agus a bpeirspictíochtaí uathúla a chur os bhur gcomhair. Chuir tionscnamh Scéalta Digi ar chumas múinteoirí triail a bhaint as rud éigin nua difriúil agus uathúil ina seomraí ranga, agus scéal a insint.

Léiríonn na scéalta digiteacha seo cumhacht na scéalaíochta san aois dhigiteach agus leagtar béim ar an réimse éagsúil scileanna agus buanna atá ag daoine óga sna hiar-bhunscoileanna.

Jake Weldon

Léachtóir Ócáideach, Scoil an Oideachais, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Comhóstach Digi-Stories

Thug scéalaíocht dhigiteach sa scoil deis úr do scoláirí páirt a ghlacadh san fhoghlaim. Bhí sceitimíní ar na scoláirí an t-eolas ar dhéanamh físeanna a úsáid agus bhí siad chun tosaigh san fhoghlaim chomhroinnte.

I measc na mbuntáistí a bhaineann leis sin, tá suim ag na scoláirí féachaint ar scéalta digiteacha a chéile le haghaidh inspioráide. Sa seomra ranga, tá méadú ar scéalta digiteacha dea-dhéanta. Fuarthas aiseolas dearfach nuair a roinneadh na scéalta digiteacha le scoláirí ó bhlianta eile agus chuir sé sin le muinín scoláirí na sraithe sóisearaí.  Bhí na tuismitheoirí an-tógtha ag cruinnithe tuismitheoirí agus múinteoirí, agus bhí roinnt acu mothúchánach agus iad ag féachaint ar bhunscéalta digiteacha na bpáistí.

An tUasal F Doyle

Pobalscoil Thamhlachta, Baile Átha Cliath.